An té a thugann freagra ionraic, pógann sé do bheola, geall leis.
Nach bríomhar iad briathra ionraice! Ach cén tairbhe ceartú uaibhse?
Gabhann áthas le freagra pras, agus nach maith é an focal i dtráth!
Déanann croí an duine an beartú; ach sé an Tiarna a thugann an freagra.
Ach an mhuintir a cheartaíonn na hurchóidigh, beidh ábhar áthais acu, agus beidh beannacht orthu.
Leag amach a bhfuil romhat ar an mbán, agus déan do phrapáil ar an machaire; imigh leat ansin agus tóg do theach.