Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 24:17

An Bíobla Naofa 1981

Má thiteann do namhaid, ná cuireadh sin lúcháir ort; nuair a bhaintear tuisle as, ná tagadh éirí croí ort,

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Rinneadar Aibnéar a adhlacadh i Heabrón, agus ghoil an rí go hard ar uaigh Aibnéar agus ghoil an pobal go léir chomh maith.

Ar bhain mé taitneamh as mí-ádh mo namhad, An ndearna mé lúcháir nuair a bhuail an tubaiste é?

Ach anois, ó tá mé san fhaopach cruinníonn siad faoi áthas. Tagann siad gan fhios orm, do mo bhualadh, ‘s iad ag tromaíocht gan scíth orm.

An dream atá ina naimhde gan chúis dom, nár dhéana siad gairdeas umam. Agus an dream a thugann fuath dom gan fáth, nár chaocha siad a súile orm.

Deirim le Dia, mo charraig, cén fáth a ndearna tú dearmad orm? Cad chuige dom triall go dobrónach is mo namhaid do mo chrá?

Masla don chruthaitheoir is ea fonóid faoin mbocht; an té a gháireann faoin ainnise, ní rachaidh sé gan phionós.

Le heagla go bhfeicfeadh an Tiarna agus nach mbeadh sé sásta, agus go n‑iompódh sé a fhearg uaidh.

Ach b'olc an mhaise duit gur gheal leat cás do bhráthar lá a mhí-áidh; go ndearna tú lúcháir faoi mhuintir Iúdá, lá a mífhortúin, agus maíomh lá na duainéise.

Ná bíodh lúcháir ort, a namhaid liom, mar gheall ormsa; fiú má mhairim sa dorchadas is é an Tiarna féin mo sholas.

Liúdar ansin le barr áthais agus dúradar: “Cuirigí fios ar Shamsón d'fhonn go ndéanfadh sé cleasa dúinn.” Cuireadh fios ar Shamsón as an bpríosún agus rinne sé cleasa dóibh. Chuireadar d'iallach air seasamh idir na colúin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí