11 Ach bhí mise mar a bheadh uan mín ann a sheoltar chun a mharaithe, agus mé ar neamheolas na ceilge a bhí á cumadh acu i m'aghaidh, á rá: “Scriosaimis an crann lena thorthaí, gearraimis amach é as tír na mbeo, ionas nach mbeidh cuimhne ar a ainm go deo.”
Ag gabháil an chnoic suas dóibh, go dtí an chathair, casadh orthu cailíní óga a bhí ag dul amach ag tarraingt uisce, agus dúradar: “An bhfuil fear na bhfíseanna anseo?”