Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 24:12

An Bíobla Naofa 1981

Má deir tú: “Ach féach, ní raibh a fhios againn,” an amhlaidh atá an té a mheánn an croí gan tuiscint, agus an té a bhreithníonn an t‑anam gan eolas? déanfaidh sé an t‑aisíoc is dual do bhearta duine.

Féach an chaibidil Cóip

35 Tagairtí Cros  

Déanann sé cúiteamh leis an duine de réir a oibreacha, Agus de réir bearta a shaoil a thugann sé luach saothair dó.

Nár lige sé duit tuisliú go deo; nár dhéana do gharda codladh.

Coimeádfaidh an Tiarna thú ag imeacht is ag teacht duit, anois agus choíche.

Cuardaigh mo chroí, tabhair cuairt orm san oíche, déan mo thástáil le tine agus ní bhfaighidh tú coir ionam.

Dá ndéanaimis dearmad ar ainm ár nDé nó dá leathaimis ár lámha chun dé eile,

Aon uair amháin a labhair Dia, dhá ní a chuala mé; gur le Dia an chumhacht, a Thiarna,

Óir is é a thug beatha dár n‑anam agus nár lig dár gcosa bheith ag tuisliú.

Is é an Tiarna breitheamh na gciníocha. Tabhair breith orm, a Thiarna, de réir m'fhíréantachta agus de réir an ionracais atá ionam.

An té a chruthaigh an chluas, an ea nach gcluinfidh sé? agus an té a chum an tsúil, an ea nach bhfeicfidh sé?

Nuair a shásaítear fear le nithe fónta, sé toradh a bhriathar féin é; filleann toradh shaothar a lámh ar an duine féin.

Bíonn iompar an duine gan cháim dar leis féin, ach is é an Tiarna a thomhaiseann an intinn.

D'fhéadfadh iompar duine bheith ceart ina shúile féin, ach meánn an Tiarna an croí.

Óir tá bealaí an duine os comhair súile an Tiarna, agus faireann sé a shlite go léir.

Bíonn cionta an urchóidigh mar ghaiste ina thimpeall, agus gabhtar é i líonta a pheaca féin.

Níl aon rud níos tairbhí do thír ná rí a bhfuil a chuid talún dea-shaothraithe.

Mise, an Tiarna, scrúdaím an croí, dearbhaím na duáin, a thabhairt do gach aon fhear de réir a iompair agus de réir toradh a ghníomhartha.

Mór i gcomhairle, agus cumasach i ngníomh, a bhfuil a shúile oscailte ar bhealaí uile na ndaoine, a thabhairt do gach aon duine de réir a shlite agus torthaí a ghníomhartha!

nuair a thugtar cambhreith ar dhuine i gcúis dlí, an amhlaidh nach bhfeiceann an Tiarna é?

Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne.

mar is ann a mhairimid agus a ghluaisimid agus atáimid. Agus faoi mar a dúirt cuid de bhur bhfilí féin: ‘Is dá shliocht sinn fiú amháin.’ ”

[Léireofar é sin] an lá úd a dtabharfaidh Dia breith ar ghníomhartha rúnda na ndaoine de réir mo dhea-scéil, trí Íosa Críost.

a chúiteoidh le cách de réir a ghníomhartha.

Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia.

Mar ní mór dúinn go léir teacht os comhair suí breithimh Chríost chun go bhfaighidh gach duine againn luach an tsaothair a bheidh déanta sa chorp againn, bíodh sé olc nó maith.

ba mharbh dom, ach anois is beo dom ar feadh na síoraíochta, agus tá eochracha an bháis agus ifrinn agam.

“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i dTíaitíora: ‘Mar seo a deir Mac Dé, an té a bhfuil súile aige mar bhladhm thine, agus a bhfuil a chosa mar phrás líofa:

agus imreoidh mé bás ar a clann, agus beidh fhios ag na heaglaisí uile gur mise a scrúdaíonn an aigne agus an croí, agus tabharfaidh mé do gach duine agaibh díol de réir bhur ngníomhartha.

“Feach, is gearr go dtiocfaidh mé, agus mo luach saothair liom le tabhairt do gach duine de réir mar atá ag a shaothar.

Ach dúirt an Tiarna le Samúéil: “Ná bac a dhreach ná a airde, mar diúltaím dó; ní thugann Dia breith mar a thugann an duine; breathnaíonn an duine an cló ach breathnaíonn an Tiarna an croí.”

Cuir uait an chaint, an chaint uaibhreach sin. Ná bíodh sotal ag sceith as do bhéal, Mar Dia an eolais é an Tiarna Agus meánn seisean na bearta.

Tugann an Tiarna beatha agus bás. Seolann sé daoine síos go Seol agus iompraíonn daoine aníos;

Má théann daoine sa tóir ort agus iarracht a dhéanamh ar thú a mharú, beidh anam mo thiarna slán i dtiach na beatha ag an Tiarna, do Dhia; maidir le hanam do naimhde, caithfidh sé uaidh iad, mar a dhéanfadh clocha as crann tabhaill.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí