Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 23:6

An Bíobla Naofa 1981

Ná caith béile le duine gortach agus ná bíodh dúil agat ina shólais,

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Ná claon mo chroí chun oilc ar bith ná chun drochbhearta a dhéanamh le lucht na hurchóide; nár ithe mé sólais sho-bhlasta ina gcuideachta.

Tá beannacht i ndán don duine cineálta, mar roinneann sé a chuid aráin leis an mbochtán.

Ná cuir dúil ina shólais, mar níl siad iontaofa mar bhia.

An fear santach súil, téann sé sa tóir ar an saibhreas; ach ní eol dó cén ghannchúis a bhuailfidh é.

An ea nach bhfuil cead agam mo rogha ní a dhéanamh le mo chuid féin? Nó an ea go bhfuil do shúilse éadmhar de bhrí go bhfuilim féin maith?’

bearta adhaltranais, sainteanna, mallaitheachtaí, cealg, ainriantacht, formad, ithiomrá, díomas, amadántacht.

Seachain agus ná scaoil an smaoineamh suarach seo isteach i do chroí, ‘Tá an seachtú bliain, bliain na fuascailte láimh linn,’ agus féachaint le doicheall ar do bhochtán bráthar agus gan aon ní a thabhairt dó, agus go nglaofadh sé ar an Tiarna i d'aghaidh, agus gur pheaca duit é.

An bhean is cneasta agus is cineálta in bhur measc, an té sin atá chomh cneasta chomh cineálta sin nár lámhaigh sí bonn a coise a leagan ar an talamh riamh, beidh súil mhuice aici ar a céile cumainn, agus fiú ar a mac agus ar a hiníon;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí