Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 23:35

An Bíobla Naofa 1981

“Buaileadar mé, an ea?” déarfaidh tú, “ach níor gortaíodh mé; ar léasadar mé? ach ní bhraithim aon ní; cathain a dhúiseoidh mé...? Beidh deoch eile uaim.”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Beidh tú amhail duine ina chodladh i lár an aigéin, amhail duine ina shuan ar an stiúir.

Is cuma nó madra a fhilleann ar a aiseag an t‑amadán a fhilleann ar a bhaois.

Brúigh an t‑amadán sa mhoirtéar le tuairgnín, (fara grán meilte) ach ní scarfaidh a bhaois leis.

Ina ionad sin, siamsa atá ar siúl agus sult, mairt á marú agus caoirigh á gcoscairt, feoil á halpadh agus fíon á ól; agus sibh ag ceapadh: “Ithimis agus ólaimis, mar beidh an bás againn amárach.”

“Tagaigí!” a deir siad, “tá mé ag dul a lorg fíona; líonfaimid sinn féin le biotáille, agus beidh an lá amárach mar an lá inniu, lá mór má bhí a leithéid riamh ann!”

Go deimhin cluinim éamh Eafráim: ‘Smachtaigh tú mé, ghlac mé an smachtú mar tharbh óg gan smacht; beir ar ais mé, lig dom teacht ar ais; óir is tú an Tiarna mo Dhia.

A Thiarna, nach é mian do shúl an fhírinne? Bhuail tú iad, ach ní raibh doilíos orthu. Bhasc tú iad, ach níor ghlac siad ceartú. Rinne siad a n‑aighthe níos crua ná carraig. Dhiúltaigh siad aithrí a dhéanamh.

Le barr patuaire tá siad tugtha suas don drabhlás agus do gach sórt graostachta a chleachtadh gan srianadh.

Tar éis dó briathra an chonartha mhionnaithe seo a chlos, má bheannaíonn a leithéid sin de dhuine é féin ina chroí á rá: ‘Ní cás dom déanamh de réir dhánaíocht mo chroí agus beidh mé slán; cuireann tuile uisce an teitheadh ar an tart,’

Tharla dóibh mar a deir an seanfhocal fíor: Filleann an madra ar an aiseag; agus: An chráin nuair a nítear í, luíonn sí sa lathach.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí