Feicfidh do shúile nithe aisteacha, agus tiocfaidh briathra earráideacha ó íochtar do chroí.
Agus an uair a chuir mé sacéadach orm is amhlaidh a bhí mé i mo cheap magaidh acu.
Le thú a chosaint ar shlí na hurchóide, agus ar lucht na claonteanga,
Tá an fíon gan stuaim, agus is trodaire é an braon crua; níl aon chiall ag an té a mheallann sé.
Beidh tú amhail duine ina chodladh i lár an aigéin, amhail duine ina shuan ar an stiúir.
Le heagla go ndéanfaidís dearmad le barr óil, ar gach a reachtaíodh, agus satailt ar chearta na n‑ainniseoirí.
Ar bhreithlá ár rí buaileann breoiteacht na flatha le boirbe an fhíona agus craitheann seisean lámh le scigirí.