Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 23:28

An Bíobla Naofa 1981

Bíonn sí ag faire amach dála an bhithiúnaigh, agus is iomaí fear ar a mbuaileann sí bob.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Cé go labhraíodh sí le Iósaef ó lá go lá, ní aontódh sé luí léi ná géilleadh di.

Cuithe domhain béal mná deoranta; an té a bhfuil an Tiarna i bhfearg leis, titfidh sé inti.

Is féidir striapach a cheannach ar chanta aráin, ach is ar bheatha mhórluaigh a bhíonn tóir ag an adhaltrach.

Ach, féach, seo bean faoina dhéin, gléasta mar striapach agus calaois ina croí.

Bíonn sí san airdeall ar an tsráid, sa mhargadh, agus ag gach cúinne.

Níl a fhios aige siúd go bhfuil na taisí cruinnithe anseo, go bhfuil a haíonna i ndoimhneas Seól.

Aithním gur seirbhe ná an bás an bhean a bhfuil a croí lán de ghaistí agus de dhola agus is laincisí a lámha; an fear atá taitneamhach le Dia éalaíonn sé uaithi ach gabhfaidh sí an peacach.

Tóg do shúile chuig na harda loma agus féach! An bhfuil áit ar bith nár luíodh leat? Shuigh tú sna bealaí rompu ar nós Arabaigh san fhásach. Tá an talamh truaillithe ag do striapachas agus do chionta.

chun a saol uile a chaitheamh le drúis. Is é an t‑úrfhíon a bheireann an chiall ó mo phobal.

Chuir Iosrael fúthu i Sitím, agus chrom na daoine ar striapachas a dhéanamh le hógmhná Mhóáb.

Agus ná déanaimis drúise faoi mar a rinne cuid acu siúd nó gur thit in aon lá amháin trí mhíle ar fhichid acu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí