Ina ionad sin, siamsa atá ar siúl agus sult, mairt á marú agus caoirigh á gcoscairt, feoil á halpadh agus fíon á ól; agus sibh ag ceapadh: “Ithimis agus ólaimis, mar beidh an bás againn amárach.”
Agus i gcionn beagán laethanta, tar éis don mhac ab óige gach ní a bhailiú le chéile, d'imigh sé ar an gcoigrích go tír i gcéin, agus scaip a shealúchas ansiúd, ag tabhairt a shaoil go drabhlásach.
Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh