Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 23:13

An Bíobla Naofa 1981

Nara leasc leat smachtú linbh; ní trúig bháis dó buille bata.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

An té a choigleann an tslat, fuathaíonn a mhac; an té a bhíonn fial ag ceartú, bíonn grá aige dó.

Cuir smacht ar do mhac fad a mhaireann an dóchas; ná cuir romhat é mhilleadh ar fad.

Tá an bhaois ginte i gcroí an linbh; ach déanfaidh slat an smachtaithe í a dhíbirt i gcéin as.

Cuir do chroí sa teagasc, agus tabhair cluas do bhriathra na gaoise.

Bronnann an bata agus an ceartú gaois, ach an leanbh a fhágtar faoi féin, cuireann sé náire ar a mháthair.

Smachtaigh do mhac, agus tabharfaidh sé suaimhneas aigne duit; cuirfidh sé áthas ar do chroí.

Bígí buanseasmhach, mar sin, ionas go ndéanfar sibh a oiliúint; is mar chlann mhac atá Dia ag caitheamh libh. Cá bhfuil an mac nach gcuireann a athair smacht air?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí