Óir is tréan é a bhfuasclóir, agus déanfaidh sé a gcúis a thagairt i d'aghaidh.
Is eol dom go maireann mo chosantóir beo, Agus go seasóidh seisean, an neach deireanach, an fód go daingean ar talamh.
gach dream a deir: “Inár dteanga atá ár neart, linn féin ár mbéal, cé a dhéanfaidh ár smachtú?”
Athair na ndílleachtaí agus caomhnóir na mbaintreach; is é sin Dia ina áras naofa.
Óir déanfaidh an Tiarna a gcúis a agairt, agus ídeoidh sé lucht a n‑ídithe.
Cuir do chroí sa teagasc, agus tabhair cluas do bhriathra na gaoise.
Uime sin - is mar seo a deir an Tiarna: “Tagraímse féin do chúis le go ndéanfar díoltas dearfa ar do shon. Triomóidh mé a habhainn, fágfaidh mé a foinsí tirim.
‘Go raibh mallacht ar an té a dhéanann cantáil ar chearta an deoraí, an dílleachta, agus na baintrí.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’