Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 23:10

An Bíobla Naofa 1981

Ná haistrigh an chloch ársa theorann, agus ná déan bradaíocht ar thalamh dílleachtaí.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

Lig tú na baintreacha uait folamh Agus bhasc tú géaga na ndílleachtaí.

Baintear a dtalamh de leanaí gan athair, Agus tógtar [brat] an bhochtáin mar gheall.

Is gearr go mbeidh an dílleachta á chur ar cranna agaibh, Agus bhur gcara á dhíol agaibh ina shladmhargadh.

Maraíonn siad an bhaintreach is an strainséir, agus tugann siad ár an dílleachta.

Má dhéanann tú iad a bhuaireamh agus go dtagann a nglao chugam, éistfidh mé leo, éistfead sin.

Leagann an Tiarna teach na n‑uaibhreach ar lár, ach cosnaíonn sé teorainneacha na baintrí.

Ná haistrigh cloch ársa theorann, a leag do shinsir ina leaba.

Is mar seo a deir an Tiarna: Cleachtaigí macántacht agus fíréantacht; saoraigí an truán as láimh an té a dhéanann leatrom air; ná déanaigí éagóir ar an gcoimhthíoch, ar an dílleachta, ar an mbaintreach; ná déan éigean; ná doirt fuil neamhchiontach san áit seo.

Ach má leasaíonn sibh bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha, má chaitheann sibh go cothrom lena chéile,

gan sochar a bhaint as an strainséir, an dílleachta agus an bhaintreach (agus gan fuil neamhchiontach a dhoirteadh san áit seo), gan dul i ndiaidh déithe eile chun bhur ndochair féin,

Ná déanaigí foréigean ar an mbaintreach ná ar an dílleachta, ar an gcoimhthíoch ná ar an mbochtán; ná bíodh aon duine agaibh ag meabhrú oilc ina chroí in aghaidh a bhráthar.’ ”

Tiocfaidh mé chugaibh chun breithiúnas a thabhairt agus beidh mé i m'fhinné neamhbhalbh in aghaidh draoithe agus adhaltrach agus éitheoirí agus ina n‑aghaidh siúd a dhéanann leatrom ar fhostaithe nó ar bhaintreacha nó ar dhílleachtaí agus ina n‑aghaidh siúd chomh maith a sháraíonn cearta an choimhthígh a chónaíonn in bhur measc agus gan eagla dá laghad orthu romhamsa, a deir Tiarna na Slua.

“Ná cur isteach ar mharc teorann do chomharsan a shocraigh an mhuintir fadó, san oidhreacht a ghlacfaidh tú sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt i do sheilbh.

‘Go raibh mallacht ar an té a chorraíonn marc teorann a chomharsan.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

Seo é fíorchleachtadh an chreidimh atá glan agus gan smál i láthair Dé agus an Athar: cuairt a thabhairt ar na dílleachtaí agus ar na baintreacha in am a ngátair agus gan ligean don saol thú féin a thruailliú.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí