Ná bí ar dhuine díobh siúd a thugann gill, agus a théann in urrús le fiacha.
An té a théann i mbannaí ar strainséir, beidh thiar air; an té ar fuath leis dul i mbannaí, tá sé ar láimh shábháilte.
An fear gan chiall tugann sé gill agus téann i mbannaí lena chomharsa.
Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir, bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh.