Le heagla go bhfoghlaimeofá a bhealaí, agus go mbéarfaí ort i ngaiste.
Ach is amhlaidh a rinne siad caidreamh leis na ciníocha, go ndearna siad a ngníomharthasan a fhoghlaim.
An té a mbíonn caidreamh aige ar dhaoine eagnaí, éiríonn sé féin eagnaí; bíodh amadáin mar chairde aige, agus beidh sé thíos leis.
Ná leag cos leat ar chosán na n‑urchóideach; ná siúl bealach na gciontach.
Ná bíodh aon dul amú oraibh: “milleann drochchomhluadar dea-bhéasa.”
Loisc íomhánna snoite a ndéithe, gan dúil a chur san airgead ná san ór a chlúdaíonn iad, ná é bhreith leat duit féin le heagla go mba ghaiste duit é, óir is gráin leis an Tiarna do Dhia é.