Ná déan muintearas leis an té atá tugtha don fhearg, agus ná bíodh caidreamh agat ar fhear drochmhianaigh,
An té a mbíonn caidreamh aige ar dhaoine eagnaí, éiríonn sé féin eagnaí; bíodh amadáin mar chairde aige, agus beidh sé thíos leis.
Adhnann an duine lasánta achrann, ach réitíonn an duine sochma aighneas.
Scigire a thugtar ar fhear an uabhair is an díomais, agus bíonn éirí in airde ina iompar.
Adhnann an fear drochmhianaigh achrann, agus is cúis mhór peaca fear na feirge.