Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 22:2

An Bíobla Naofa 1981

Casann an saibhir ar an daibhir; sé an Tiarna a rinne iad go léir.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

An té a rinne mise sa bhroinn, nach ndearna sé iadsan freisin? Nach é an [Dia] céanna a rinne sinn go léir i mbolg ár máthar?

Agus nach mbeadh lé aige le flatha, Ná le saibhre thar na boicht, Mar gur óna láimh féin iad uile.

Is masla dá chruthaitheoir luí ar an mbochtán; ach an té a bhíonn cineálta leis an mbocht, tugann sé onóir dó.

Castar an bochtán agus an t‑úsaire ar a chéile; cuireann an Tiarna léas ina súile araon.

Más ea, ní féidir don tsúil a rá leis an láimh: Níl aon ghnó agam díotsa”; ná ní féidir don cheann a rá leis na cosa: “Níl aon ghnó agam díbhse.”

Fágann an Tiarna duine saibhir, duine eile daibhir. Leagann ar lár agus ardaíonn in airde.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí