Leag mé m'intinn ar an eagna agus ar an gcruinnmheastóireacht faoi chúrsaí an tsaoil a thuiscint agus a thaighde agus a thóraíocht agus d'aithin mé gur díth céille í an mhailís agus gur deargbhuile í an amaidí.
Chonaic mé é sin go léir nuair a leag mé m'intinn ar a ndéantar abhus faoi luí na gréine, nuair a smachtaíonn duine amháin duine eile chun a aimhleasa.
Tugaigí cluas agus tagaigí chugam, éistigí agus beidh bhur n‑anam saolach. Déanfaidh mé conradh libh, conradh buan an uair seo, an chomaoin cheanúil a chur oraibh a ba mhinic ag Dáiví.
Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”