Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 22:10

An Bíobla Naofa 1981

Tabhair bata is bóthar don scigire agus baileoidh an t‑aighneas leis, agus beidh deireadh le hachrann is le hachasán.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ba chliamhain do Shanballat an Horónach, mac le Iahóiádá, mac Eiliáisíb, agus dhíbir mé as mo radharc é.

Fear clúmhillte a chomharsan os íseal, millfidh mé an té sin. Fear na mórchúise agus na mórála, ní fhéadaim cur suas leis.

Tarraingíonn caint an amadáin aighneas air féin, agus tugann a bhéal cuireadh chun é a léasadh.

Scigire a thugtar ar fhear an uabhair is an díomais, agus bíonn éirí in airde ina iompar.

ach mura n‑éisteann, beir leat duine nó beirt eile, chun go mbeadh focal a dó nó a trí d'fhinnéithe ag deimhniú gach scéil. Má dhiúltaíonn sé éisteacht leo sin, inis don eaglais é; agus má dhiúltaíonn éisteacht leis an eaglais féin, bíodh sé ina phágánach agus ina phoibleacánach agat.

Ach nach libhse breith a thabhairt ar an muintir laistigh? “Díbrígí an coirpeach as bhur measc.”

Nuair a chonaic saighdiúirí Iosrael go raibh Aibímeilic ar lár, d'imíodar leo, gach duine chun a thí féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí