Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 21:5

An Bíobla Naofa 1981

Téann smaointe an duine dhícheallaigh chun sochair dó; an bhochtaine amháin is dán don luaithintinneach.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Leanann an bhochtaine an lámh gan fhuaimint, ach tuilleann an lámh fhuinniúil maoin.

Bíonn an leisceoir ag tnúthán, ach ní bhíonn dada ina chomhair; ach bíonn an saothrach sáitheach.

Is mór é tuiscint an té atá mall chun feirge; is [measa ná baoth] an fear lasánta.

Ní maith í an díograis gan an machnamh; an té a bhrostaíonn a chéim, cailleann sé an tslí.

An oidhreacht a fuarthas de gheit ar dtús, ní bheidh beannacht uirthi faoi dheireadh.

An fear santach súil, téann sé sa tóir ar an saibhreas; ach ní eol dó cén ghannchúis a bhuailfidh é.

An bhfeiceann tú duine éigin béalscaoilteach? tá níos mó dóchais ann d'amadán ná dósan.

An té a bhíonn ag goid, ná déanadh sé goid níos mó ach bíodh sé ag obair go macánta lena dhá láimh féin ionas go mbeadh rud aige le roinnt ar an té atá ar an ngannchuid.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí