Tá dúil san olc i gcroí an drochdhuine; ní ghlacann sé trua dá chomharsana riamh.
Bíonn an dea-dhuine carthanach fial lena chuid; riarann sé a ghnó go ceart onórach.
Dáileann sé a chuid go fial ar lucht an ghátair; maireann a fhéile go brách agus choíche. Tógfar a cheann, ardófar a chumhacht go glórmhar.
Tá urchóid agus cealg ina bhéal níl ciall aige don mhaith.
Scriostar túr daingean na n‑urchóideach, ach maireann fréamha na bhfíréan go daingean.
Peacach an té ar beag leis a chomharsa; ach is méanar don té ar trua leis an bochtán.
Orthú siúd ar geal leo an t‑olc a dhéanamh, ar gean leo an chamastaíl,
An té a thugann cluas bhodhar d'éamh an bhochtáin nuair a ghlaofaidh sé féin, ní eistfear leis.
Is fearr cur fút i gcúil sa lochta, ná bheith in aontíos le bean achrainn.
Ná beartaigh olc in aghaidh do chomharsan, agus é ag maireachtáil go sochma i mbéal do dhorais.
Is mar shampla dúinne a tharla na nithe sin, á fhógairt dúinn gan dúil a chur i ndrochnithe faoi mar a chuir siad siúd.
Óir tá breithiúnas gan trócaire le tabhairt ar an té nach ndearna trócaire; ach sáraíonn an trócaire an breithiúnas.
Mar a bhfuil sa saol - mian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine - sin nithe nach den Athair iad ach den saol.