eolas, dar ndóigh, a bhí á lorg agam le fada ach go raibh teipthe orm é a fháil - aon fhear macánta amháin a fuair mé i míle fear ach theip orm go fiú aon dea-bhean amháin a fháil sa líon céanna ban.
Gabh anonn agus anall trí shráideanna Iarúsailéim, féach anois, agus bíodh a fhios agat, cuardaigh a cearnóga; má éiríonn leat fear a fháil, oiread agus fear a dhéanann an ceart agus a iarrann an fhírinne, tabharfaidh mise ansin maithiúnas di, [a deir an Tiarna].
Mo léan! Táimse mar a bheinn dá mbeadh na torthaí bailithe agus fómhar na bhfíniúna thart; níl caor ar bith le hithe agus na fígí luatha a bhfuil dúil agam iontu níl ceann díobh ar fáil níos mó.
Tá an dea-dhuine imithe ar ceal ón tír; níl aon fhear ionraic i measc an phobail; bíonn siad go léir in oirchill na fola agus téann gach duine díobh ar thóir a bhráthar.
“Nuair a bhíonn tú ag déanamh déirce, mar sin, ná cuir an trumpa á shéideadh romhat; sin mar a dhéanann na bréagchráifigh é sna sionagóga agus ar na sráideanna chun go mbeadh cách á moladh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.
Rinne an Fairisíneach, agus é go ceannard, guí mar seo leis féin: ‘A Dhia, tugaim a bhuíochas duit nach bhfuilim ar nós cách eile, atá ina sladaithe, ina lucht éagóra, ina n‑adhaltranaigh, ná fiú amháin ar nós an phoibleacánaigh úd.
Tá amadán déanta agam díom féin, agus is sibhse faoi deara dom é mar is daoibhse ba chóir mo pháirt a ghlacadh. Mura fiú le háireamh féin mé, ní mhaithfinn bonn do na sáraspail úd.