Is cuma nó uisce domhain a mbíonn ar aigne ag duine ina chroí istigh; níl ag an duine tuisceanach ach é a tharraingt amach.
Beartaíonn siad a ndrochbhearta go diongbháilte ‘s iad i gcogar le chéile go folaitheach, á rá lena chéile: “Cé a fheicfidh sinn:
Uiscí doimhne iad briathra an duine, tuile bhrúchtach, foinse eagna.
Tá an fómhar thart, ach níl aon treabhadh déanta ag an leisceoir; beidh súil in airde aige in am an bhainte, ach ní beidh dada ann dó.
Is iomaí duine a deir go bhfuil sé féin dílis, ach cé a aimseoidh fear inmhuiníne?
Cé a thuigeann cúrsaí an duine ach spiorad an duine féin istigh ann? Ar an gcuma chéanna níl aon duine a thuigeann cúrsaí Dé ach Spiorad Dé.