Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 20:28

An Bíobla Naofa 1981

Déanann cinéaltas is dílse an rí a chosaint, agus is í an fhíréantacht teannta a ríchathaoireach.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Salm [le] Dáiví. 1 Canfaidh mé faoi dhílse agus fíréantacht duitse, a Thiarna.

Rinne tú ábhar beannachta go brách de; cuireann do láithreacht ríméad is lúcháir air.

Le Dáiví. 1 Tabhair breithiúnas ar mo shon, a Thiarna, óir shiúil mé ar shlí an ionracais, agus bhí mo dhóchas sa Tiarna gan staonadh.

Níor fholaigh mé d'fhíréantacht i mo chroí ach d'fhógair mé do chabhair dhílis; níor cheil mé do bhuanghrá ná do fhírinne ar an gcomhdháil mhór.

Cuir fad le saol an rí; go maire sé choíche!

Is gráin le ríthe an t‑olc a dhéanamh, mar is í an fhíréantacht is bonn faoin ríchathaoir.

Déantar leorghníomh sa pheaca trí dhílseacht agus seasmhacht; seachnaíonn fear an t‑olc le heagla an Tiarna.

Má thugann rí breith ar na boicht le cothromas, bunófar a ríchathaoir go brách.

Ná tréigeadh dílseacht agus cneastacht go brách thú, ceangail faoi do bhráid iad, agus scríobh ar chláracha do chroí iad.

is ann a bhunófar an chathaoir ríoga faoi chineáltas, agus beidh ina shuí inti faoi dhílseacht, i mboth Dháiví, breitheamh ar mór leis an ceart agus ar luath chuige cíocras na córach.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí