“Má dhéanann duine calaois, agus go bpeacaíonn sé le barr neamhaire maidir le cearta naofa an Tiarna, ansin tugadh sé mar íobairt chúitimh don Tiarna reithe gan mháchail ón tréad; déantar luach an reithe a mheas i seicilí airgid de réir thomhas sheicil an tsanctóra. Íobairt chúitimh í seo.
Cloígh le cibé rud a théann thar do bheola, agus ní foláir duit an mhóid a thug tú de do dheoin féin le briathar do bhéil féin don Tiarna do Dhia a chomhlíonadh.
Nuair a théann tú isteach i bhfíonghort do chomharsan, ní cás duit do sháith caor a chaitheamh, oiread díobh agus is mian leat, ach níl cead agat aon chaora a chur í do chliabh.
Má thagann a n‑aithreacha nó a ndeartháireacha chugainn le gearán, déarfaimid leo: ‘Maithigí dóibh, [mar thóg gach fear] díobh bean mar a dhéanann daoine i gcogadh; dá dtabharfadh sibh féin mná dóibh, bhrisfeadh sibh bhur mionn agus bheadh coir déanta agaibh.’ ”