Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 20:21

An Bíobla Naofa 1981

An oidhreacht a fuarthas de gheit ar dtús, ní bheidh beannacht uirthi faoi dheireadh.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Fágann an fear maith oidhreacht ag sliocht a shleachta; ach is ar mhaithe leis an bhfíréan a bhíonn maoin an pheacaigh á cnuasach.

Má chuireann duine mallacht ar athair nó ar mháthair, múchfar a lóchrann faoi dhorchadas dubh.

Ná habair: “Déanfaidh mé an t‑olc a chúiteamh”; ach bíodh do dhóchas as an Tiarna agus tiocfaidh sé i gcabhair ort.

Gnothú maoine le teanga bhréagach, gal soip é agus baol báis.

Ná caith do dhúthracht ag cnuasach maoine, agus ná bain le [breis bhradaigh].

Beidh beannachtaí go líonmhar ar an bhfear ionraic, ach an té a bheidh ag iarraidh éirí saibhir go tapa, ní rachaidh sé gan phionós.

An fear santach súil, téann sé sa tóir ar an saibhreas; ach ní eol dó cén ghannchúis a bhuailfidh é.

An té chuireann lena mhaoin le caimiléireacht agus le húsaireacht, is do dhuine eile a scaipfidh ar na boicht a dhéanann sé cnuasach.

Nach ndéanfaidh na daoine seo go léir aoir mar gheall air? Nach gcumfaidh siad seanfhocal aithiseach: Is é a déarfaidh siad: “Is mairg don fhear a charnann nithe nach leis féin iad - cá fhad eile? - agus a ualaíonn é féin le nithe a fuair sé mar bhannaí.”

Scaoilfidh mé an mhallacht seo uaim amach, a deir Tiarna na Slua, agus rachaidh sí isteach i dteach an ghadaí agus i dteach an duine a thugann mionn éithigh dar m'ainmse. Fanfaidh sí i lár a thí agus scriosfaidh sí é idir adhmad agus chlocha.”

Mura n‑éisteann sibh liom agus féachaint chuige go dtabharfaidh sibh glóir do m'ainm, a deir Tiarna na Slua, mallóidh mé sibh sa chaoi go ndéanfar mallacht de gach ceann de bhur mbeannachtaí. Is ea, táim tar éis iad a mhallú cheana féin toisc nach bhféachann sibh chuige sin chor ar bith.

Iad sin a mbíonn dúil sa saibhreas acu titeann siad i gcathú agus gabhtar sa líon iad ag na hainmhianta iomadúla baotha díobhálacha úd a tharraingíonn daoine ar bhealach a millte agus a mbascaithe.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí