Déanann an cardálaí rúin a nochtadh; ná bíodh caidreamh agat dá bhrí sin le fear na baothchainte.
Fear clúmhillte a chomharsan os íseal, millfidh mé an té sin. Fear na mórchúise agus na mórála, ní fhéadaim cur suas leis.
Sceitheann an duine béalscaoilteach nithe a bhíonn faoi cheilt ach coimeádann an duine iontaofa rúin.
An té a chuireann faire ar a bhéal, cosnaíonn sé a bheo, ach an té a bhíonn béalscaoilteach, bíonn thiar air.
Cuireann an foréigneach a chomharsa ar seachrán, agus meallann é ar bhóthar nach fónta.
Is geall le sóláis mhilse briathra an chúlchainteora, agus sleamhnaíonn siad síos isteach sa ghoile.
Bíodh eagla ort féin roimh an Tiarna, a mhic ó, agus roimh an rí, agus ná déan ceannairc in aghaidh ceachtar díobh.
Ná bí ag gabháil timpeall ag cúlchaint ar do mhuintir féin, agus ná téigh i bhfiontar le hanam do chomharsan. Mise an Tiarna.
mar ní do Chríost ár dTiarna atá a leithéidí sin ag fónamh ach dá gcraos féin agus meallann siad croí na neamhurchóideach lena gcuid bladair agus plámáis.