Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir; bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh.
An té a théann i mbannaí ar strainséir, beidh thiar air; an té ar fuath leis dul i mbannaí, tá sé ar láimh shábháilte.
Saorfar thú ó ghreim na mná deoranta, ón strainséir mná lena briathra bladair;
Tá an t‑ór ann, agus raidhse cloch lómhar, ach is iad beola an eolais an tseoid róluachmhar.
Faigheann duine blas milis ar an mbia a fuarthas trí chalaois, ach is geall le grean ina bhéal é ina dhiaidh sin.
Cuithe domhain an striapach, agus tobar cúng í an bhean dheoranta.
Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir, bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh.
[Ná tóg aon cheann de bhean bhaoth,] óir tá mil ar sileadh le beola an strainséir mná seo agus is míne a beola ná ola.
A mhic, má chuaigh tú in urrús le do chomharsa, má chuaigh tú i mbannaí le strainséir,
Ach, féach, seo bean faoina dhéin, gléasta mar striapach agus calaois ina croí.
Le thú a chosaint ar an mbean drúisiúil, ón strainséir mná le briathra bladair.