Tá an t‑ór ann, agus raidhse cloch lómhar, ach is iad beola an eolais an tseoid róluachmhar.
Gabhann áthas le freagra pras, agus nach maith é an focal i dtráth!
Scaipeann beola na saoithe eolas; ní mar sin le croí na n‑amadán.
Is fearr an eagna a aimsiú ná an t‑ór; tóg tuiscint mar rogha thar an airgead.
Tugtar fear na críonnachta ar an té atá eagnaí croí; cuireann milse briathar le meallacacht ráite.
Is cuma nó cior mheala briathra séimhe; is milis iad le blaiseadh agus is sláintiúil iad don chorp.
“Níl aon mhaith ann, níl sin,” a deir an ceannaí ach imíonn sé leis agus é ag maíomh as féin.
Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir; bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh.
Fáinne óir nó ornáid d'ór fíre, sin mar atá ceartú críonna i gcluais a éisteann.
Is luachmhaire í na péarlaí, níl ní a shantófá is inchurtha léi.
Le go mbeadh críonnacht agus eolas do do chosaint, agus iad mar gharda ar do bheola.
Glac le smacht uaimse in áit an airgid, agus le heolas in áit togha an óir.
Mar is luachmhaire an eagna ná pearlaí, agus níl aon ní arbh fhiú a shantú seachas í.
Ná tagadh oiread agus drochfhocal amháin as bhur mbéal ach an dea-fhocal fointeach a oirfidh don ócáid agus a rachaidh chun sochair don lucht éisteachta.