Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 2:3

An Bíobla Naofa 1981

Sea, má ghlaonn tú chugat an grinneolas, má scairteann tú ar an tuiscint,

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Agus fairis sin go dtuga sé eagna agus tuiscint duit, i dtreo, nuair a chuirfidh sé i bhfeighil Iosrael thú, go gcoimeádfaidh tú dlí an Tiarna do Dhia.

Is mé do ghiolla, tabhair teagasc dom, ionas gurab eol dom d'fhorálacha.

Go dtaga mo ghlór chugat, a Thiarna; tabhair tuiscint dom de réir do bhriathair.

Déan mo theagasc d'fhonn do dhlí a chomhlíonadh agus a choimeád ó chroí.

Do lámha a rinne agus a chruthaigh mé; múin dom d'aitheanta a fhoghlaim.

Sa chaoi go dtugann tú cluas don eagna, agus go gclaonann tú do chroí chun na tuisceana,

Má lorgaíonn tú í mar a lorgófá airgead, má chuardaíonn tú í mar a chuardofá stór folaithe,

Bíodh aird agat air siúd cibé cúrsa ar a mbíonn tú, agus féachfaidh sé chuige go mbeidh do chosáin réidh.

Éistigí, a chlann mhac, le teagasc athar; tugaigí aird agus foghlaimigí céard í an tuiscint ghrinn.

Tugaim grá don mhuintir a thugann grá dom, agus an mhuintir a lorgaíonn mé, faigheann siad mé.

Dá bhrí sin, más eol daoibhse atá go holc nithe maithe a thabhairt do bhur gclann, nach móide go dtabharfaidh an tAthair ó neamh an Spiorad Naomh dóibh seo a iarrann air é?”

Má tá easpa eagna ar aon duine, iarradh sé ar Dhia í, Dia a thugann le féile do gach duine agus nach bhfuil ina dhiaidh orthu, agus tabharfar dó í.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí