Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 2:10

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a thiocfaidh an eagna i do chroí isteach, agus gur geal le d'anam an t‑eolas,

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Níor chlaon mé ó aithne a bheola, Agus thaiscigh mé briathra a bhéil.

Go mba taitneamhach leis briathra mo bheil; is sa Tiarna a dhéanfaidh mé gairdeas.

Is milse do bhriathra le mo charball; ná mil le mo bhéal.

Is iad d'fhorálacha mo oidhreacht go brách; cuireann siad áthas ar mo chroí.

Déanaim gairdeas de bharr do bhriathair mar dhuine a fhaigheann creach.

A, nach aoibhinn liom do dhlí, a Thiarna; is ábhar machnaimh dom de shíor é.

Is íon í eagla an Tiarna, maireann sí go deo; is fíor iad reachtanna an Tiarna, táid uile go cóir.

Le críonnacht a thabhairt don saonta, agus eolas agus tuiscint don óg;

Lonnaíonn an eagna i gcroí fhear na tuisceana ach [níl fiú aithne uirthi] i gcroí lucht na baoise.

Beidh sé ina shólás agat iad a choimeád i do chroí, agus iad go léir a bheith mar phionna ar do bheola.

Na tréig í agus coimeádfaidh sí slan thú; tabhair grá di agus cosnóidh sí thú.

Nuair a tháinig do bhriathra, d'ith mise iad. Bhí do bhriathar ina ghairdeachas agus ina lúcháir do mo chroí; óir gaireadh d'ainmse orm, a Thiarna, Dia na Slua.

Bíodh briathar Chríost ina chónaí faoi rath in bhur measc. Déanaigí a chéile a chomhairliú agus a theagasc le barr eagna. Canaigí sailm agus iomainn agus laoithe spioradálta in ómós do Dhia agus buíochas in bhur gcroí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí