Chas sé timpeall agus d'fhéach orthu agus chuir mallacht orthu in ainm an Tiarna. Tháinig dhá bheithir bhaineanna amach as an gcoill agus stolladar beirt agus daichead de na buachaillí.
“A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibh gean do bhur saontacht? An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireacht agus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?
Dá bhrí sin, scoirigí den ábhacht, ar eagla go dteannfaí bhur gcuibhreacha oraibh; óir chuala mé anois scrios na tíre go hiomlán á fhógairt thar ceann an Tiarna Dia na Slua.
má thuilleann an té a bhíonn san éagóir gabháil de lasc air, tugadh an breitheamh faoi deara é a chur ina luí agus gabháil de lasc air ina láthair leis an líon buillí a oireann dá choir.