An té a chuireann a athair as seilbh, agus a chuireann a mháthair chun siúil, is mac gan náire é agus ábhar masla.
Cuireann mac eagnaí gliondar ar a athair; ach cúis bhróin dá mháthair amadán mic.
Mac críonna a chnuasaíonn sa samhradh, ach cúis náire é an mac a chodlaíonn le linn an fhómhair.
Sé an daor cliste an máistir nuair is drabhlásach é an mac; beidh sé i bpáirt leis na deartháireacha chun na hoidhreachta.
Ábhar dóláis dá athair mac baoth, agus cúis bhróin é dá mháthair a thug ar an saol é.
Ná tabhair cluas do theagasc a thuilleadh, a mhic, más d'fhonn faillí a dhéanamh ina bhfuil le rá ag an eolas é.
Is méanar don té ar a bhfuil eagla [an Tiarna] i gcónaí, ach an té a chruann a chroí, titfidh an tubaiste sa mhullach air.
An té a chreachann a athair nó a mháthair agus a deir: “Ní aon éagóir é sin!” is comrádaí do bhithiúnach é.
Mac gaoismhear a choimeádann an dlí, ach tugann comrádaí na ndrabhlásach náire dá athair.
Tá pór ann a chuireann mallacht ar a n‑athair, agus nach gcuireann beannacht ar a máthair.
An tsúil a fhéachann le fonóid ar a athair, agus le drochmheas ar [mháthair a bhíonn ag dul in aois], piocfaidh fiacha an mhachaire amach í, agus alpfaidh na badhbha í.
Ach an mac seo agat nuair a tháinig sé, tar éis do mhaoin shaolta a ídiú le striapacha, mharaigh tú an lao biata dó.’