Bíonn súil le dílseacht ó dhuine, agus is fearr bochtán ná bréagaire.
Tá a fhios agam, a Dhia, go scrúdaíonn tú an croí, agus gur gean leat an t‑ionracas; d'ofráil mé na nithe seo go léir le hionracas croí agus le fonn; tá sé d'áthas agam anois do phobal anseo a fheiceáil ag ofráil a dtabhartas duit le fonn.
Ach dúirt an Tiarna le Dáiví m'athair: ‘Is é mian do chroí teach a thógáil do m'ainm, agus is maith uait sin;
Dála an duine a thugann cuireadh chun bia dá chairde, Agus súile a chlainne gan preab iontu,
Is fealltach iad mo chairde mar an tuile, Mar leaba na dtuilte a ghabh thart;
Cuirigí bhur ndóchas ann i gcónaí, a phobal; ligigí rún bhur gcroí leis. Is é Dia ár ndídean. Selah
Is fearr an bochtán a mhaireann go fíréanta ná an té atá saibhir ach claon ina shlite.
Is iomaí beartas a bhíonn á dtaibhreamh do dhuine, ach is é aidhm an Tiarna a sheasfaidh buan.
Seolann eagla Dé chun na beatha; an té a mbíonn sí aige, bíonn bia agus fothain aige, gan scéin roimh aon olc air.
Má bhíonn an dea-thoil ann beifear sásta leis an duine a thugann de réir a acmhainne agus gan dul thar a acmhainn,
le súil go mbainfidís amach an bheatha shíoraí. Gheall Dia, nár thug éitheach riamh, an bheatha seo dúinn roimh thús aimsire