Ghabh duine díobhsan amach faoi na bánta ag bailiú luibheanna, agus tharla fíniúin fhiáin air agus phrioc sé lán a ultaigh de chaora fiáine di. Ansin tháinig sé agus ghearr sé go mion isteach sa choire praisí iad gan a fhios aige cad iad.
I dteannta a bheith ina eagnaí é féin, roinn Cóheilit a chuid eolais ar an bpobal freisin agus é ag meá agus ag mionscrúdú agus ag cóiriú a lán seanfhocal.
Tá na géaga críon, sa chaoi go scoitear iad; tagann mná agus lasann siad an tine leo. Óir is pobal é seo atá gan tuiscint, mar sin, an té a chruthaigh iad, níl trua aige dóibh; an té a dhealbhaigh iad, ní thaispeánann fabhar dóibh.
Is uime sin a labhraíonn an Tiarna Dia mar seo: “Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch dhearfa, cloch choirnéil luachmhar, cloch bhoinn: an té a bhfuil creideamh aige, ní chlisfidh sé.
Cheal eolais tá mo phobal á ndíothú. Ó chaith tusa uait an t‑eolas, caithfidh mise uaim thú as mo shagartacht; agus ó lig tusa teagasc do Dhé i ndíchuimhne, ligfidh mise do chlann i ndíchuimhne chomh maith.