Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 19:17

An Bíobla Naofa 1981

An té a bhíonn cineálta leis na boicht, tugann sé iasacht don Tiarna, déanfaidh sé cúiteamh ar son a ndearna sé.

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Caithfidh sé an t‑uan a aisíoc faoi cheathair, as ucht a leithéid a dhéanamh agus sin gan trua gan taise.”

Is méanar don té ar cúram leis an dealbh is an daibhir; saorfaidh an Tiarna é in am na buartha.

Beidh trua aige don lag is don bhocht, agus sábhálfaidh an duine dealbh.

Nuair a shásaítear fear le nithe fónta, sé toradh a bhriathar féin é; filleann toradh shaothar a lámh ar an duine féin.

Peacach an té ar beag leis a chomharsa; ach is méanar don té ar trua leis an bochtán.

Is masla dá chruthaitheoir luí ar an mbochtán; ach an té a bhíonn cineálta leis an mbocht, tugann sé onóir dó.

Tá beannacht i ndán don duine cineálta, mar roinneann sé a chuid aráin leis an mbochtán.

An té a thugann déirc don bhocht, ní bheidh easpa air choíche; ach an té a dhúnann a shúile ina choinne, luífidh mallacht ar mhallacht air.

An té chuireann lena mhaoin le caimiléireacht agus le húsaireacht, is do dhuine eile a scaipfidh ar na boicht a dhéanann sé cnuasach.

Caith do chuid aráin ar na huiscí, mar tar éis mórán laethanta gheobhaidh tú ar ais é.

Roinn do mhaoin i seacht nó in ocht gcuid, mar níl a fhios agat cén tubaiste a tharlóidh ar dhroim na talún.

Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’

Tugaigí agus tabharfar daoibh: tomhas maith, fuinte, craite, cruachta a chuirfear chugaibh in bhur n‑ucht; óir is leis an tomhas lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh ar ais.”

“Nuair a bhíonn an fómhar á bhaint agat sa ghort agus go ndéanann tú dearmad ar phunann sa ghort, na téigh siar ag triall uirthi. Fág ansiúd í don deoraí, don dílleachta agus don bhaintreach i dtreo go ndéanfadh an Tiarna do Dhia a bheannacht a chur ort i do chúraimí go léir.

Ach ní hé bhur síntiús is mór agamsa ach an brabach iomadúil atá ag dul daoibh.

Níl Dia éagórach. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh sé dearmad ar an obair a rinne sibh ná ar an ngrá atá agaibh dó. Thaispeáin sibh an grá seo go háirithe nuair a tháinig sibh i gcabhair ar na Críostaithe eile agus, ar ndóigh, tá sé seo á dhéanamh agaibh fós.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí