Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 19:15

An Bíobla Naofa 1981

Cuireann leisce duine i dtoirchim suain, ach beidh ocras fós ar an duine díomhaoin.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

An té a bhíonn díomhaoin i mbun a ghnóthaí, is deartháir é don scriosadóir.

Tumann an leisceoir a chrobh sa mhias, ach ní bhacann le hé a bhreith chun a bhéil.

Ná bí ceanúil ar an gcodladh, nó beidh an bhochtaine agat mar chéile; bíodh do shúile ar leathadh agus beidh flúirse bia agat.

“Tá leon lasmuigh,” a deir an leisceoir! “Marófar sa tsráid mé!”

Óir lomann an pótaire is an craosaire iad féin, agus ní fhágann an mhíogarnach ach balcaisí ar dhroim duine.

“Néal beag codalta, múisiam beag, agus na lámha a fhilleadh ar a chéile le scíth a ligean,

Coimeádann sí súil ghéar ar a teaghlach, ní chaitheann sí bia an díomhaointis.

Agus beidh an bhochtaine taobh leat mar fhánaí, agus an ghannchúis, dála an [déirceora].

Ár lucht faire, tá siad ar fad dall, ní léir dóibh dada! Madaí balbha iad go léir, nach féidir leo tafann. Ag brionglóideach atá siad, ina luí fúthu, a ndúil sa chodladh.

agus gach ní a bhíonn follasach, bíonn sé ina sholas. Sin é an fáth a ndeirtear: “Dúisigh a chodlatáin! Éirigh ó na mairbh agus lonróidh Críost ort.”

Go deimhin nuair a bhíomar in bhur measc, seo é an foláireamh a thugaimis daoibh: “An té nach bhfuil fonn oibre air, ná caitheadh sé bia ach oiread.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí