Is geall le sóláis mhilse briathra an chúlchainteora, agus sleamhnaíonn siad síos isteach sa ghoile.
nuair a tháinig Doéig an tEadómach chuig Sól á rá leis: “Chuaigh Dáiví isteach i dteach Aichímeilic.”
Tá duine ann ar geall le sá claímh a mhearbhriathra; ach bíonn cneasú á iompar ag teanga an eagnaí.
Síolann an cealgaire aighneas, agus deighleann an béadánaí dlúthchairde óna chéile.
Scriosann béal an amadáin é féin, agus is gaiste dó a bheola.
An té a bhíonn díomhaoin i mbun a ghnóthaí, is deartháir é don scriosadóir.
Ná bí ag gabháil timpeall ag cúlchaint ar do mhuintir féin, agus ná téigh i bhfiontar le hanam do chomharsan. Mise an Tiarna.