Tarraingíonn caint an amadáin aighneas air féin, agus tugann a bhéal cuireadh chun é a léasadh.
Ní dhéanann an t‑amadán aon mhoill ach a fhearg a thaispeáint; ach ní thógann an duine ciallmhar ceann d'achasán.
Leanann aighneas stuacacht na n‑éaganta; ach is ag lucht leanta na comhairle atá an eagna.
Bíonn fear na céille gaoismhear ach bíonn an t‑amadán gan smacht gan aire.
Bíonn slat an uabhair i mbéal an amadáin, ach is díon iad a bheola don duine críonna.
Is cuma aighneas a thosú nó scaoileadh le tuile; buail cos air dá bhrí sin sula n‑adhntar an t‑achrann.
Díolfaidh fear an drochmhianaigh as; scaoil leis agus is measa ná sin [a bheidh an scéal agat].
Tá [an bata] ullamh do scigirí, agus léasadh do dhroim na n‑amadán.
Is onóir do dhuine aighneas a sheachaint, ach beidh gach amadán ag achrann.
Tabhair bata is bóthar don scigire agus baileoidh an t‑aighneas leis, agus beidh deireadh le hachrann is le hachasán.
Is fearr cur fút i gcúil sa lochta, ná bheith in aontíos le bean achrainn.
Is trom í an chloch agus tá meáchan sa ghaineamh, ach is troime ná iad araon ciapadh ó amadán.
Téadh saoi chun argóna le daoi, ach cibé acu i bhfearg nó i ngáire é, ní éireoidh leis.