Nuair a chonaic Iósaef a dheartháireacha, d'aithin sé iad, ach ní dhearna sé ach caitheamh leo mar a dhéanfadh le daoine deoranta agus labhairt leo go borb: “Cad as daoibh?” ar sé. “Ó thír Chanán,” ar siad, “a thángamar chun bia a cheannach.”
Ach dúirt Forann: “Cé hé an Tiarna seo go n‑éistfinnse lena ghlór agus Iosrael a ligean chun siúil? Táim dall ar an Tiarna agus ní ligfidh mé Iosrael chun siúil.”
Bíonn fuath ag a dheartháireacha go léir don bhochtán, nach mó ná sin mar a theitheann a chairde uaidh. ...Bíonn focail de dhíth air, ach ní bhíonn siad ar láimh aige.
Na rudaí seo ar fad is de dhéantús mo láimhe iad; is liom féin an t‑iomlán, briathar an Tiarna. Ach an té a dtugaimse aird air, is é an bochtán é agus fear an chroí bhrúite, an té a bhfuil urraim aige do mo bhriathar.
agus má thugann sibhse ómós don té a bhfuil an t‑éadach maith air agus a rá leis: “Bíodh an suíochán maith anseo agat,” agus a rá leis an bhfear bocht: “Seas ansiúd thall,” nó: “Suigh ar an urlár le hais stól mo chos,”
Sibhse ámh, thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad lucht an tsaibhris a dhéanann leatrom oraibh? Nach iadsan a tharraingíonn os comhair na cúirte sibh?
agus dúirt sí: ‘Lig dom le do thoil na diasa a dhíolaim agus a bhailiú i measc na bpunann i ndiaidh na meithle.’ Tháinig sí más ea agus tá sí ar a cosa gan stad ó mhaidin go moch.”
Gach duine de do theaghlach a fhágfar, tiocfaidh siad ar a nglúine chuige, ag lorg bonn airgid nó builín aráin á rá: Tabhair gnó beag éigin sagairt dom le déanamh le do thoil, d'fhonn go mbeadh greim éigin aráin le hithe agam.’ ”
Déan do mhachnamh air sin anois agus féach cad is féidir leat a dhéanamh mar tá sé beartaithe drochíde a imirt ar ár maistir agus ar a theaghlach go léir, agus tá sé féin chomh ciotrúnta sin nach féidir d'aon duine focal a rá leis.”