Nuair a bhíonn goile duine lán is trí shaothar a bhéil féin toradh a bhéil féin is sáith aige.
Caitheann an fear maith bia fónta, toradh briathra a bhéil; ach is ar an bhforéigean a chothaítear goile na bhfeallairí.
Bíonn an croí gan stuaim sásta lena imeachtaí féin, agus an fear cóir le fómhar a bheart.
Is geall le cathair láidir deartháir a fhaigheann cúnamh dearthár; is cuma [cairde] nó barraí caisleáin.
Beidh sé ina shólás agat iad a choimeád i do chroí, agus iad go léir a bheith mar phionna ar do bheola.
Le go mbeifeá in ann an fhírinne a léiriú, agus lucht do cheistithe a fhreagairt le briathra stuama?