Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 18:18

An Bíobla Naofa 1981

Cuireann an crann críoch le haighnis, agus déanann réiteach idir aighneasóirí cumhachtacha.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Dála a ngaolta, clann Árón, cuireadh na finí seo, idir shinsear agus shóisear, ar cranna i láthair an rí Dáiví: Zádóc, Aichímeilic agus cinn finí na sagart agus na Léivíteach.

agus thar Iordáin ag Ireachó, lastoir den Iordáin, as treibh Reúbaen: Beizir san fhásach lena thalamh féaraigh, Iahzá lena thalamh féaraigh,

Chuir uachtaráin an phobail fúthu in Iarúsailéim. Cuireadh ar cranna é i measc na coda eile den phobal le go dtiocfadh duine as deichniúr agus cur faoi in Iarúsailéim, an chathair naofa, ach an naonúr eile sna bailte.

Ar an ucht a chaitear na cranna, ach ón Tiarna a thagann an réiteach.

Samhlaítear go mbíonn an ceart ag an té is túisce a chuireann a chás in iúl, nó go dtagann an dara duine agus go ndéanann scrúdú air.

Is geall le cathair láidir deartháir a fhaigheann cúnamh dearthár; is cuma [cairde] nó barraí caisleáin.

Rinneadh an roinnt don naoi dtreibh go leith ar cranna mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Dúirt Sól ansin: “A Thiarna, a Dhia Iosrael, cén fáth nár thug tú freagra ar do shearbhónta inniu? Más ormsa agus ar mo mhac Iónátán atá an locht, a Dhia Iosrael, tabhair Úirím; más ar phobal Iosrael atá an locht, tabhair Tuimím.” Thit an crann ar Shól agus Iónátán agus d'imigh an pobal saor.

Dúirt Sól: “Caith an crann idir mise agus mo mhac Iónátán.” Thit an crann ar Iónátán.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí