Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 18:14

An Bíobla Naofa 1981

Is féidir le meanma an duine breoiteacht a iompar, ach cé a d'fhéadfadh cur suas le heaspa misnigh?

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Tá saigheada an Uilechumhachtaigh i ngreim ionam, Agus mo spiorad ag diúl a nimhe. Tá uafáis Dé in eagar i m'aghaidh.

Óir táimse go dearóil dealbh; agus tá mo chroí á chrá istigh ionam.

Leigheasann sé lucht an chroí bhriste; agus déanann a gcréachtaí a cheangal.

Tabhair aire dom agus éist le mo ghuí, óir tá mé cloíte ag an mbuairt.

Tá mo chroí arna chloí ionam istigh: titeann eagla an bháis orm.

Labhair Maois amhlaidh sin le clann Iosrael, ach thugadar an chluas bhodhar dó le heaspa misnigh agus le crá na daoirse.

Gabhann gealgháire le háthas croí, ach briseann cumha chroí an misneach.

Oideas fónta an croí meidhreach; seirgeann na cnámha le heaspa misnigh.

Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n‑iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.

Is é a mhalairt is córa daoibh a dhéanamh anois, is é sin maithiúnas agus sólás a thabhairt dó ar eagla go gcloífí é faoi iomad den bhrón.

Ná bíodh oraibh ach barr lúcháire nuair a thiteann sibh i ngach sórt cathaithe,

Is údar lúcháire agaibhse é seo, fiú más dobrónach féin sibh ar feadh tamaill bhig de bharr trialacha den uile chineál,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí