Ansin dúirt Iosrael an t‑athair leo: “Más éigean an scéal a bheith amhlaidh, déanaigí mar leanas: Cuirigí in bhur gcléibh cuid de thogha torthaí na tíre agus beirigí síos chuige siúd mar thabhartas beagán balsaim agus meala agus guma agus tragacant agus cnónna pistéise agus almóinne.
Tá do phrionsaí ina lucht ceannairce, le gadaithe atá a gcaidreamh. Tá gach aon duine cíocrach chun brabúis agus ag sodar i ndiaidh síneadh láimhe. Ní thugann siad a cheart don dílleachta, ná ní ghlaoítear cúis na baintrí choíche.
Óir is eol domsa iomad bhur gcionta agus méid bhur bpeacaí; sibhse a chiapann na fíréin, a ghlacann an bhreab, a chaitheann an dearóil ar leataobh sa gheata.
Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh; bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin. Mo chreach! Camann siad an dlí.
Ná tabhair claonbhreith; ná déan leathchuma ar dhuine seachas duine eile; ná glac le breab, óir dallann breab súile an eagnaí agus milleann cás an fhíréin.
Ansin ghlac Dáiví óna láimh a raibh tugtha aici chuige agus dúirt sé léi: “Imigh leat abhaile faoi shíocháin; féach, thug mé cluas duit, agus rinne mé mar a d'iarr tú.”