Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 17:25

An Bíobla Naofa 1981

Ábhar dóláis dá athair mac baoth, agus cúis bhróin é dá mháthair a thug ar an saol é.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Tháinig ballchrith ar an rí. Chuaigh sé suas chuig an seomra os cionn an gheata agus bhris an gol air. Ar seisean agus é ag caoineadh: “A Aibseálóm, a mhic, a mhaicín liom, a Aibseálóm, a mhic liom, faraor gan mise marbh i d'áit, a Aibseálóm, a mhaicín, a mhaicín.”

Cuireann mac eagnaí gliondar ar a athair; ach cúis bhróin dá mháthair amadán mic.

Cuireann mac ciallmhar áthas ar a athair, ach bíonn drochmheas ag amadán ar a mháthair.

Cúis bhróin dá athair an baothán mic; níl lúcháir i ndán d'athair amadáin.

Scriosann amadán mic a athair; is geall le sconna ar sileadh scabhlaeireacht mná.

Gura tú ábhar lúcháire d'athar agus suáilceas na mná a d'iompair thú!

Bronnann an bata agus an ceartú gaois, ach an leanbh a fhágtar faoi féin, cuireann sé náire ar a mháthair.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí