Cuireann an fear tuisceanach an eagna roimhe, ach sroicheann raon súl an amadáin go himill na cruinne.
Iompaigh mo shúile chun nach bhfeicfidh siad díomhaointeas; déan mo bheochan trí do shlíse.
Bíonn sé fánach ag an scigire a bheith ag tóraíocht na heagna; tagann eolas go bog ar fhear na tuisceana.
Eolas is sprioc ag aigne an duine thuisceanaigh, ach baois an bia a bhíonn i mbéal na n‑amadán.
Ábhar dóláis dá athair mac baoth, agus cúis bhróin é dá mháthair a thug ar an saol é.
Caith súil uirthi agus imeoidh sí léi, fásfaidh sciatháin uirthi, dála an iolair a eitlíonn chun na spéire.
Chonaic mé gur tairbhí an eagna ná an amaidí faoi mar is tairbhí an solas ná an dorchadas.
Is fearr glacadh lena bhfeiceann do shúil ná dul ar thóir do mhéine - baois is ea é seo freisin agus tóraíocht gaoithe.
Cé atá cosúil leis an eagnaí? Cé heile a thuigeann an chiall atá le rud ar bith? Soilsíonn eagna an duine a ghnúis, agus athraítear dúire a aghaidhe.
Más mian le haon duine a thoil-sean a dhéanamh, aithneoidh sé an ó Dhia an teagasc nó an uaim féin atá mé ag labhairt.
Mar a bhfuil sa saol - mian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine - sin nithe nach den Athair iad ach den saol.