Oideas fónta an croí meidhreach; seirgeann na cnámha le heaspa misnigh.
Doirtear amach mé mar uisce, tá mo chnámha arna scaoileadh ó chéile. Is cosúil mo chroí le céir arna leá i lár mo chléibh.
Cuireann an imní ualach ar chroí an duine; ach cuireann an dea-fhocal áthas air.
Gabhann gealgháire le háthas croí, ach briseann cumha chroí an misneach.
Is cuma nó cior mheala briathra séimhe; is milis iad le blaiseadh agus is sláintiúil iad don chorp.
Is féidir le meanma an duine breoiteacht a iompar, ach cé a d'fhéadfadh cur suas le heaspa misnigh?
Is é a dúirt mé i dtaobh an gháire; díth céille, agus i dtaobh na lúcháire: Cén tairbhe í?
Is é a mhalairt is córa daoibh a dhéanamh anois, is é sin maithiúnas agus sólás a thabhairt dó ar eagla go gcloífí é faoi iomad den bhrón.
Mar an bhuairt a bhíonn de réir thoil Dé, saothraíonn sí an aithrí úd a sheolann daoine ar bhóthar a slánaithe agus ní aon chúis aiféala é sin, ach ní thagann ón mbuairt shaolta ach an bás.