Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 17:21

An Bíobla Naofa 1981

Cúis bhróin dá athair an baothán mic; níl lúcháir i ndán d'athair amadáin.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí Éasau daichead bliain phós sé Iúidit iníon Bhéirí an Hiteach, agus Básamat iníon Éalon an Hiteach.

Cuireann mac eagnaí gliondar ar a athair; ach cúis bhróin dá mháthair amadán mic.

Cuireann mac ciallmhar áthas ar a athair, ach bíonn drochmheas ag amadán ar a mháthair.

Ábhar dóláis dá athair mac baoth, agus cúis bhróin é dá mháthair a thug ar an saol é.

Scriosann amadán mic a athair; is geall le sconna ar sileadh scabhlaeireacht mná.

Sin é go díreach an rud a scríobh mé chugaibh i dtreo, nuair a thiocfainn, nach brón a gheobhainn ó na daoine dar dual áthas a chur orm, mar bhí mé cinnte fúibh go léir go mba chúis áthais daoibhse áthas a bheith ormsa.

Níl aon chúis ghairdis agam is mó ná a aireachtáil go siúlann mo chlann san fhírinne.

Ach níor lean a chlann mhac ina choiscéimeanna; ghabhadar an cosán claon chun airgid; ghlacaidís breabanna, agus thugaidís claonbhreith.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí