Bíonn goile an tsaothraí ag saothar dó, agus a chraos ocrach á ghriogadh.
Bíonn toradh ar gach saothar; níl de bharr cainte gan éifeacht ach an ghannchúis.
Tá cosán ann a shamhlaíonn ceart do dhuine, ach níl de chríoch leis ach an bás.
Beartaíonn an t‑alfraits olc, agus is cuma nó tine loiscneach briathra a bhéil.
Más eagnaí thú, téann sin chun do thairbhe; más fonóidí thú, tú féin amháin a bheidh thíos leis.
Saothraíonn an duine ar mhaithe lena bholg ach ní shásaítear a ghoile riamh.