Tá cosán ann a shamhlaíonn ceart do dhuine, ach níl de chríoch leis ach an bás.
I súile an amadáin is ceart é a chosán; éisteann an t‑eagnaí le dea-chomhairle.
Tugann an fíréan cúl leis an urchóid; ach treoraíonn cosán na n‑urchóideach iadsan amú.
Tá cosán ann a shamhlaíonn díreach do dhuine ach níl de chríoch air ach slí an bháis.
Bíonn goile an tsaothraí ag saothar dó, agus a chraos ocrach á ghriogadh.
Chuala cuid de na Fairisínigh a bhí ina fhochair na focail sin agus dúirt siad leis: “Ní amhlaidh, ar ndóigh, atáimidne dall chomh maith?”
“Bhí mé féin deimhin de tráth gurbh é mo dhualgas é gach dícheall a dhéanamh in aghaidh ainm Íosa Nazóraigh.
Déanaigí sibh féin a thriail agus a thástáil féachaint an bhfuil sibh ag leanúint den chreideamh. Nó an é nach dtuigeann sibh go bhfuil Íosa Críost ionaibh - rud atá mura bhfuil cliste oraibh?