Béilín meala, a bhrídeach, mar an criathar ag sileadh; mil agus bainne faoi do theanga go cinnte; boladh cumhra ar d'éadach mar chumhracht na Liobáine.
Nuair a tháinig do bhriathra, d'ith mise iad. Bhí do bhriathar ina ghairdeachas agus ina lúcháir do mo chroí; óir gaireadh d'ainmse orm, a Thiarna, Dia na Slua.
Go dtite mo theagasc mar an fhearthainn; go sile mo ghlór mar an drúcht mar an fhearthainn bhog ar an bhféar bláith, agus mar cheathanna ar lusra an bháin.
Thóg mé an scrolla beag, más ea, ó lámh an aingil agus shlog mé é, agus bhí sé milis mar mhil i mo bhéal, agus nuair a bhí sé ite agam tháinig casadh searbh ar mo ghoile.